Herta Müller
Scríbhneoir is ea Herta Müller (rugadh ar an 17 Lúnasa 1953 í), a bhain amach Duais Nobel na Litríochta sa bhliain 2009. Is as an Rómáin di, ach is le Gearmáinis a tógadh í, agus scríobhann sí i nGearmáinis. Bhí a hathair ina bhall den Waffen SS agus an Dara Cogadh Domhanda ar siúl, rud a raibh tionchar nach beag aige ar a saol agus a saothar. Tá an chodarsnacht idir an faisisteachas ina saol pearsanta agus an cumannachas inar fhás sí aníos tábhachtach ina cuid oibre. Deirtear gurb í Müller guth na cosmhuintire díshealbhaithe san Eoraip. Arna chur ar fáil ag Vicipéid-
1
-
2Gairmuimhir: C 1656Alt